Bliain nua, Togra nua / 1st project of 2021

Ar Imbolg an 1ú Feabhra 2021 beidh COGAR II á láinseáil.

Beidh bailiúcháin péinteálacha agus focail, rap nua le Súil Amháin agus Bantum agus íomhánna as leabhar teoranta COGAR atá clóite ag Ponc Press le feiscint ar líne. Coimeád súil ar Other Voices ar Facebook, Twitter agus Instagram.

On Imbolg the 1st of February 2021 we will be launching COGAR II.

There will be a collection of words and painted artworks, a new rap by Súil Amháin and produced by Bantum and a selection of monotone images from a limited book that has been printed by Ponc Press entitled COGAR.

Bailiúchán liricí, rapanna agus dánta is ea COGAR a chuirtear i láthair i gcomhar le Other Voices.

Tá an taispeántas ar líne seo ag leanúint ó shraith fhíseán ceoil a cuireadh ar fáil don gcéad uair mar chuid de Other Voices, An Daingean, 2020. Cuimsíonn an taispeántas dánta agus liricí atá lámhscríofa agus priontáilte le litirphreas Ponc Press. Taispeánann sé, leis, na saothair ealaíne i bhfoirm léaráidí monatón chomh maith le híomhánna péinteáilte a tháinig ar an bhfód mar thoradh ar na saothair lámhscríofa agus phriontáilte seo.

Tá an bailiúchán ilteangach seo fréamhaithe don gcuid is mó sa Ghaeilge, le roinnt aistriúchán as Béarla, agus le hamhrán amháin i mBreatnais.

Beidh eagrán teoranta den leabhar clóite le cur in áirithint roimh ré ag Ponc Press agus rachaidh caoga fán gcéad don airgead go dtí Clann Shíomóin agus Pieta House. “

COGAR is a collection of lyrics, raps and poems, presented in collaboration with Other Voices. Following on from a series of music video premieres as part of Other Voices Dingle 2020, this online exhibition encompasses poems and lyrics that are both printed with Ponc Press letterpress and handwritten. The collection showcases the artworks in the form of mono-tone illustrations and painted images that arose in response to these printed and handwritten works.

This multilingual collection of artworks is rooted mostly in Irish, with some translations in English, and features a song in Welsh.

There will be a limited edition of the printed book available to pre-order directly from Ponc Press, with fifty per cent of proceeds going to the Simon Community and Pieta House.”

Maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Éire Ildánach le tacaíocht ó South Wind Blows.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: